[2001.] Criminal Justice (Theft and Fraud Offences) Act, 2001. [No. 50.] seach, na cionta sin i bhfeidhmiú a bhfeidhmeanna agus ar chásanna Sch.5 ina ndéantar ina gcoinne iad. 3. Nuair atá reachtaı́ocht speisialta achtaithe ag Ballstát maidir le gnı́omhartha nó neamhghnı́omhartha a bhfuil Airı́ Rialtais freagrach astu de bharr a staide polaitiúla speisialta sa Bhallstát sin, féadfar gan mı́r 2 den Airteagal seo a chur i bhfeidhm ar an reachtaı́ocht sin, ar chuntar go n-áirithı́onn an Ballstát go bhfuil comhaltaı́ Choimisiún na gComhphobal Eorpach folaithe sa reachtaı́ocht choiriúil a chuireann Airteagail 2 agus 3 agus mı́r 1 den Airteagal seo chun feidhme. 4. Beidh mı́reanna 1, 2 agus 3 gan dochar do na forálacha is infheidhme i ngach Ballstát maidir le himeachtaı́ coiriúla agus maidir leis an gcúirt a bhfuil dlı́nse aici a chinneadh. 5. Cuirfear an Prótacal seo i bhfeidhm agus lánurraim á tabhairt d’fhorálacha ábhartha na gConarthaı́ ag bunú na gComhphobal Eorpach, an Phrótacail ar Phribhléidı́ agus Dı́olúintı́ na gComhphobal Eorpach, Reachtanna na Cúirte Breithiúnais agus na dtéacsanna arna nglacadh chun iad a chur chun feidhme, maidir le dı́olúine a tharscaoileadh. Airteagal 5 Pionóis 1. Glacfaidh gach Ballstát na bearta is gá chun a áirithiú go mbeidh an t-iompar dá dtagraı́tear in Airteagail 2 agus 3, maille le rannpháirteachas ann nó grı́osú chuige, inphionóis le pionóis choiriúla atá éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach lena n-áirı́tear, ar a laghad i gcásanna tromchúiseacha, pionóis lena mbaineann cailleadh saoirse a bhféadfaidh eiseachadadh teacht astu. 2. Beidh mı́r 1 gan dochar d’fheidhmiú cumhachtaı́ araı́onachta ag na húdaráis inniúla i leith oifigeach náisiúnta nó oifigeach Comhphobail. Agus an pionós atá le forchur á chinneadh acu, féadfaidh na cúirteanna coiriúla náisiúnta, i gcomhréir le prionsabail a ndlı́ náisiúnta, aonphionós araı́onachta arna fhorchur cheana ar an duine céanna i leith an iompair chéanna a chur san áireamh. Airteagal 6 Dlı́nse 1. Glacfaidh gach Ballstát na bearta is gá chun a dhlı́nse a bhunú i leith na gcionta atá bunaithe aige i gcomhréir le hAirteagail 2, 3 agus 4: (a) nuair is ar a chrı́och a dhéantar an cion, go hiomlán nó go páirteach; (b) nuair is náisiúnach nó oifigeach dá chuid an ciontóir; (c) nuair a dhéantar an cion i duine de na daoine dá dtagraı́tear in Airteagal 1 nó i gcoinne comhalta de cheann de na hinstitiúidı́ dá dtagraı́tear in Airteagal 4(2) ar náisiúnach dá chuid é; 69

Select target paragraph3

Connect to a paragraph
Connect to an entity
Disable highlights
Add to table of contents