[No. 50.] Sch.7 Criminal Justice (Theft and Fraud Offences) Act, 2001. [2001.] bhaineann le léiriú ar an gCoinbhinsiún maidir le leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint agus ar an gcéad Phrótacal a ghabhann leis má mheasann an chúirt nó an binse sin gur gá breith a thabhairt ar an gceist ionas go bhféadfaidh sé breithiúnas a thabhairt. Airteagal 3 1. Beidh an Prótacal ar Reacht Chúirt Bhreithiúnais na gComhphobal Eorpach agus Rialacha Nós Imeachta na Cúirte Breithiúnais sin infheidhme. 2. I gcomhréir le Reacht Chúirt Bhreithiúnais na gComhphobal Eorpach, beidh gach Ballstát, bı́odh nó ná bı́odh dearbhú de bhun Airteagal 2 déanta aige, i dteideal ráitis cháis nó barúlacha i scrı́bhinn a thı́olacadh do Chúirt Bhreithiúnais na gComhphobal Eorpach i gcásanna a thagann chun cinn faoi Airteagal 1. Airteagal 4 1. Beidh an Prótacal seo faoi réir a ghlactha ag na Ballstáit i gcomhréir lena rialacha bunreachtúla faoi seach. 2. Cuirfidh na Ballstáit in iúl don taiscı́ go bhfuil na nósanna imeachta is gá faoina rialacha bunreachtúla faoi seach chun an Prótacal seo a ghlacadh comhlı́onta acu, agus cuirfidh siad in iúl dó freisin aon dearbhú arna dhéanamh de bhun Airteagal 2. 3. Tiocfaidh an Prótacal seo i bhfeidhm 90 tar éis don fhógra dá dtagraı́tear i mı́r 2 a bheith tugtha ag an Stát, is Ballstát den Aontas Eorpach tráth na Comhairle do ghlacadh an Ghnı́mh ag dréachtú an Phrótacail seo, is déanaı́ a dhéanfaidh an beart sin. Ar a shon sin, tiocfaidh sé i bhfeidhm ar a luaithe san am céanna leis an gCoinbhinsiún maidir le leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint. Airteagal 5 1. Beidh aontachas leis an bPrótacal seo ar oscailt d’aon Stát a thagann chun bheith ina Bhallstát den Aontas Eorpach. 2. Taiscfear na hionstraimı́ aontachais leis an taiscı́. 3. Is téacs údarásach téacs an Phrótacail seo i dteanga an Stáit aontaigh, arna dhréachtú ag Comhairle an Aontais Eorpaigh. 4. Tiocfaidh an Prótacal seo i bhfeidhm i leith aon Stáit aontaigh 90 lá tar éis dó a ionstraim aontachais a thaisceadh nó ar dháta an Phrótacail seo a theacht i bhfeidhm mura mbeidh sé tagtha i bhfeidhm fós tráth na tréimhse 90 lá thuasluaite a dhul in éag. Airteagal 6 Aon Stát a thagann chun bheith ina Bhallstát den Aontas Eorpach agus a aontaı́onn don Choinbhinsiún maidir le leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint i gcomhréir le hAirteagal 12 de, glacfaidh sé le forálacha an Phrótacail seo. 76

Select target paragraph3

Connect to a paragraph
Connect to an entity
Disable highlights
Add to table of contents