[No. 50.] Sch.9 Criminal Justice (Theft and Fraud Offences) Act, 2001. [2001.] DE BHRÍ, ar deireadh, gur chóir forálacha ábhartha Choinbhinsiún an 26 Iúil 1995 maidir le leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint a chur i bhfeidhm ar ghnı́omhartha áirithe atá folaithe sa Phrótacal seo, TAR ÉIS COMHAONTÚ AR NA FORÁLACHA SEO A LEANAS: Airteagal 1 Sainmhı́nithe Chun crı́och an Phrótacail seo: (a) ciallaı́onn ‘‘an Coinbhinsiún’’ Coinbhinsiún an 26 Iúil 1995, arna dhréachtú ar bhonn Airteagal K.3 den Chonradh ar an Aontas Eorpach, maidir le leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint(1); (b) ciallaı́onn ‘‘calaois’’ an t-iompar dá dtagraı́tear in Airteagal 1 den Choinbhinsiún; (c) — ciallaı́onn ‘‘éilliú neamhghnı́omhach’’ an t-iompar dá dtagraı́tear in Airteagal 2 de Phrótacal an 27 Meán Fómhair 1996, arna dhréachtú ar bhonn Airteagal K.3 den Chonradh ar an Aontas Eorpach, a ghabhann leis an gCoinbhinsiún maidir le leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint(2); — ciallaı́onn ‘‘éilliú gnı́omhach’’ an t-iompar dá dtagraı́tear in Airteagal 3 den Phrótacal céanna; (d) ciallaı́onn ‘‘duine dlı́theanach’’ aon eintiteas a bhfuil stádas den sórt sin aige faoin dlı́ náisiúnta is infheidhme, amach ó Stáit nó comhlachtaı́ poiblı́ eile i bhfeidhmiú údarás an Stáit agus ó eagraı́ochtaı́ idirnáisiúnta poiblı́; (e) ciallaı́onn ‘‘sciúradh airgid’’ an t-iompar atá sainithe sa trı́ú fleasc d’Airteagal 1 de Threoir 91/308/CEE ón gComhairle an 10 Meitheamh 1991 maidir le húsáid an chórais airgeadais chun crı́che sciúradh airgid a chosc(3), a bhaineann le fáltais ón gcalaois, ar a laghad i gcásanna tromchúiseacha calaoise, agus ón éilliú gnı́omhach agus neamhghnı́omhach. Airteagal 2 Sciúradh airgid Glacfaidh gach Ballstát na bearta is gá chun sciúradh airgid a bhunú mar chion coiriúil. Airteagal 3 Dliteanas daoine dlı́theanacha 1. Glacfaidh gach Ballstát na bearta is gá chun a áirithiú go bhféadfar daoine dlı́theanacha a chur faoi dhliteanas don chalaois, don éilliú gnı́omhach agus do sciúradh airgid arna ndéanamh ar mhaithe leo ag aon duine, ag gnı́omhú dó ina aonar nó mar bhall d’orgán de (1) IO Uimh. C 316, 27.11.1995, lch. 49. IO Uimh. C 313, 23.10.1996, lch. 2. (3) IO Uimh. L 166, 28. 6.1991, lch. 77. (2) 86

Select target paragraph3

Connect to a paragraph
Connect to an entity
Disable highlights
Add to table of contents