[2001.]
Criminal Justice (Theft and Fraud
Offences) Act, 2001.
[No. 50.]
chuid an duine dhlı́theanaigh, a bhfuil ardseasamh aige laistigh den Sch.9
duine dlı́theanach atá bunaithe:
— ar chumhacht ionadaı́ochta don duine dlı́theanach, nó
— ar údarás chun cinntı́ a ghlacadh thar ceann an duine
dhlı́theanaigh, nó
— ar údarás chun rialú a fheidhmiú laistigh den duine
dlı́theanach,
agus freisin faoi dhliteanas do bheith i dtreis mar chúlpháirtithe nó
mar ghrı́osóirı́ i gcalaois, in éilliú gnı́omhach nó i sciúradh airgid den
sórt sin nó in iarracht ar chalaois den sórt sin a dhéanamh.
2. Amach ó na cásanna dá bhforáiltear cheana i mı́r 1, glacfaidh
gach Ballstát na bearta is gá chun a áirithiú go bhféadfar duine
dlı́theanach a chur faoi dhliteanas nuair is é an easpa maoirseachta
nó rialaithe de chuid duine dá dtagraı́tear i mı́r 1 ba chúis gurbh
fhéidir le duine faoina údarás calaois nó gnı́omh éillithe ghnı́omhaigh
nó sciúradh airgid a dhéanamh ar mhaithe leis an duine dlı́theanach
sin.
3. Nı́ eisiafaidh dliteanas duine dhlı́theanaigh faoi mhı́reanna 1
agus 2 imeachtaı́ coiriúla i gcoinne daoine nádúrtha is údair nó grı́osóirı́ na calaoise, an éillithe ghnı́omhaigh nó an sciúrtha airgid nó is
cúlpháirtithe iontu.
Airteagal 4
Smachtbhannaı́ do dhaoine dlı́theanacha
1. Glacfaidh gach Ballstát na bearta is gá chun a áirithiú go
mbeidh duine dlı́theanach arna chur faoi dhliteanas de bhun Airteagal 3(1) inphionóis le smachtbhannaı́ atá éifeachtúil, comhréireach
agus athchomhairleach a chuimseoidh fı́neálacha coiriúla nó
neamhchoiriúla agus a fhéadfaidh smachtbhannaı́ eile a chuimsiú
amhail:
(a) eisiamh ón teideal chun sochar poiblı́ nó cúnaimh;
(b) dı́cháiliú sealadach nó buan chun gnı́omhaı́ochtaı́ tráchtála
a chleachtadh;
(c) cur faoi mhaoirseacht bhreithiúnach;
(d) ordú foirceanta breithiúnach.
2. Glacfaidh gach Ballstát na bearta is gá chun a áirithiú go
mbeidh duine dlı́theanach arna chur faoi dhliteanas de bhun Airteagal 3(2) inphionóis le smachtbhannaı́ nó bearta atá éifeachtúil,
comhréireach agus athchomhairleach.
Airteagal 5
Coigistiú
Glacfaidh gach Ballstát na bearta is gá chun a áirithiú go bhféadfar
ionstraimı́ na calaoise, an éillithe ghnı́omhaigh agus neamhghnı́omhaigh agus an sciúrtha airgid, agus fáltais uathu nó maoin a bhfreagraı́onn a luach d’fháltais den sórt sin, a urghabháil agus, gan dochar
do chearta trı́ú páirtithe bona fide, a choigistiú nó a aistriú. Déileálfaidh an Ballstát, i gcomhréir lena dhlı́ náisiúnta, le haon ionstraimı́, fáltais nó maoin eile arna n-urghabháil nó arna gcoigistiú.
87
Select target paragraph3
Connect to a paragraph
Connect to an entity
Disable highlights
Add to table of contents