[2001.] Criminal Justice (Theft and Fraud Offences) Act, 2001. [No. 50.] 2. Féadfaidh an Coimisiún, faoi na coinnı́ollacha céanna, sonraı́ Sch.9 pearsanta a fhaightear ó Bhallstát i bhfeidhmiú a fheidhmeanna faoi Airteagal 7 a aistriú chuig aon trı́ú tı́r ar chuntar go bhfuil an Ballstát a sholáthair an fhaisnéis tar éis comhaontú leis an aistriú sin. Airteagal 11 Údarás maoirseachta Aon údarás arna cheapadh nó arna chruthú d’fhonn feidhm na maoirseachta neamhspleáiche ar chosaint sonraı́ a fheidhmiú maidir le sonraı́ pearsanta arna sealbhú ag an gCoimisiún de bhun a fheidhmeanna faoin gConradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh, beidh sé inniúil chun an fheidhm chéanna a fheidhmiú i leith sonraı́ pearsanta arna sealbhú ag an gCoimisiún de bhua an Phrótacail seo. Airteagal 12 Gaol leis an gCoinbhinsiún 1. Beidh forálacha Airteagail 3, 5 agus 6 den Choinbhinsiún infheidhme freisin ar an iompar dá dtagraı́tear in Airteagal 2 den Phrótacal seo. 2. Beidh na forálacha seo a leanas den Choinbhinsiún infheidhme freisin ar an bPrótacal seo: — Airteagal 4, ar é a bheith le tuiscint go mbeidh aon dearbhú de réir bhrı́ Airteagal 4(2) den Choinbhinsiún infheidhme freisin ar an bPrótacal seo mura sonrófar a mhalairt tráth an fhógra dá bhforáiltear in Airteagal 16(2) den Phrótacal seo a thabhairt, — Airteagal 7, ar é a bheith le tuiscint go mbeidh prionsabal ‘‘ne bis in idem’’ infheidhme freisin ar dhaoine dlı́theanacha agus go mbeidh aon dearbhú de réir bhrı́ Airteagal 7(2) den Choinbhinsiún infheidhme freisin ar an bPrótacal seo mura sonrófar a mhalairt tráth an fhógra dá bhforáiltear in Airteagal 16(2) den Phrótacal seo a thabhairt, — Airteagal 9, — Airteagal 10. Airteagal 13 An Chúirt Bhreithiúnais 1. Nı́ foláir don Chomhairle aon dı́ospóid idir na Ballstáit maidir le léiriú nó cur i bhfeidhm an Phrótacail seo a phlé mar chéad chéim i gcomhréir leis an nós imeachta atá leagtha amach i dTeideal VI den Chonradh ar an Aontas Eorpach d’fhonn teacht ar réiteach. Mura mbeidh réiteach faighte laistigh de thréimhse sé mhı́, féadfaidh páirtı́ sa dı́ospóid ı́ a chur faoi bhráid na Cúirte Breithiúnais. 2. Aon dı́ospóid idir Ballstát amháin nó nı́os mó agus an Coimisiún maidir le hAirteagal 2, i ndáil le pointe (e) d’Airteagal 1, agus le hAirteagail 7, 8 agus 10 agus leis an gceathrú fleasc d’Airteagal 12(2) den Phrótacal seo a chur i bhfeidhm nárbh fhéidir a réiteach trı́ chaibidlı́ocht, féadfar ı́ a chur faoi bhráid na Cúirte Breithiúnais tar éis do thréimhse sé mhı́ ón dáta a thug ceann de na páirtithe fógra don pháirtı́ eile go raibh dı́ospóid ann dul in éag. 89

Select target paragraph3

Connect to a paragraph
Connect to an entity
Disable highlights
Add to table of contents