[No. 50.]
Sch.5
Criminal Justice (Theft and Fraud
Offences) Act, 2001.
[2001.]
(d) nuair is oifigeach Comhphobail atá ag obair d’institiúid de
chuid na gComhphobal Eorpach nó do chomhlacht arna
bhunú i gcomhréir leis na Conarthaı́ ag bunú na
gComhphobal Eorpach a bhfuil a shuı́omh aige sa
Bhallstát i dtrácht an ciontóir.
2. Féadfaidh gach Ballstát, agus an fógra dá bhforáiltear in Airteagal 9(2) á thabhairt aige, a dhearbhú nach ndéanfaidh sé ceann
amháin nó nı́os mó de na rialacha dlı́nse atá leagtha sı́os i bpointı́
(b), (c) agus (d) de mhı́r 1 a chur i bhfeidhm nó nach gcuirfidh sé i
bhfeidhm é nó iad ach i gcásanna nó imthosca sonracha.
Airteagal 7
Gaol leis an gCoinbhinsiún
1. Beidh Airteagail 3, 5(1), (2) agus (4) agus 6 den Choinbhinsiún
infheidhme amhail is dá mbeadh tagairt iontu don iompar dá dtagraı́tear in Airteagail 2, 3 agus 4 den Phrótacal seo.
2. Beidh na forálacha seo a leanas den Choinbhinsiún infheidhme
ar an bPrótacal seo freisin:
— Airteagal 7, ar é a bheith le tuiscint go mbeidh aon dearbhú
de réir bhrı́ Airteagal 7(2) den Choinbhinsiún infheidhme ar
an bPrótacal seo freisin mura sonrófar a mhalairt tráth an
fhógra dá bhforáiltear in Airteagal 9(2) den Phrótacal seo a
thabhairt,
— Airteagal 9,
— Airteagal 10.
Airteagal 8
An Chúirt Bhreithiúnais
1. Nı́ foláir don Chomhairle aon dı́ospóidı́ idir na Ballstáit maidir
le léiriú nó cur i bhfeidhm an Phrótacail seo a phlé mar chéad chéim
i gcomhréir leis an nós imeachta atá leagtha amach i dTeideal VI
den Chonradh ar an Aontas Eorpach d’fhonn teacht ar réiteach.
Mura mbeidh réiteach faighte laistigh de thréimhse sé mhı́ féadfaidh páirtı́ sa dı́ospóid ı́ a chur faoi bhráid Chúirt Bhreithiúnais na
gComhphobal Eorpach.
2. Féadfar aon dı́ospóid maidir le hAirteagal 1, seachas pointe1(c)
de, nó maidir le hAirteagail 2, 3 agus 4 nó Airteagal 7(2), trı́ú fleasc,
den Phrótacal seo idir Ballstát amháin nó nı́os mó agus Coimisiún
na gComhphobal Eorpach nárbh fhéidir a réiteach trı́ chaibidlı́ocht
a chur faoi bhráid Chúirt Bhreithiúnais na gComhphobal Eorpach.
70
Select target paragraph3
Connect to a paragraph
Connect to an entity
Disable highlights
Add to table of contents