[2001.]
Criminal Justice (Theft and Fraud
Offences) Act, 2001.
[No. 50.]
SCHEDULE 7
Text in the Irish language of the Protocol drawn up on the
basis of Article K.3 of the Treaty on European Union, on the
interpretation, by way of preliminary rulings, by the Court of
Justice of the European Communities of the Convention on the
protection of the European Communities’ financial interests
done at Brussels on 29 November 1996
PRÓTACAL
arna dhréachtú ar bhonn Airteagal K.3 den chonradh ar an Aontas
Eorpach, maidir le léiriú, trı́ réamhrialú, ag cúirt bhreithiúnais na
gComhphobal Eorpach ar an gCoinbhinsiún maidir le leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint
TÁ NA hARDPHÁIRTITHE CONARTHACHA,
TAR ÉIS COMHAONTÚ ar na forálacha seo a leanas a chuirfear
i gceangal leis an gCoinbhinsiún:
Airteagal 1
Beidh dlı́nse ag Cúirt Bhreithiúnais na gComhphobal Eorpach,
faoi na coinnı́ollacha atá leagtha sı́os sa Phrótacal seo, chun réamhrialuithe a thabhairt ar léiriú ar an gCoinbhinsiún maidir le leasanna
airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint agus ar an bPrótacal
a ghabhann leis an gCoinbhinsiún sin agus a dréachtaı́odh ar an 27
Meán Fómhair 1996(1), dá ngairtear ‘‘an chéad Phrótacal’’ anseo
feasta.
Airteagal 2
1. Féadfaidh aon Bhallstát, trı́ dhearbhú a dhéanamh tráth sı́nithe
an Phrótacail seo nó aon tráth eile ina dhiaidh sin, glacadh le dlı́nse
Chúirt Bhreithiúnais na gComhphobal Eorpach chun réamhrialuithe
a thabhairt ar léiriú ar an gCoinbhinsiún maidir le leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint agus ar an gcéad Phrótacal
a ghabhann leis an gCoinbhinsiún sin faoi na coinnı́ollacha atá sonraithe i bpointe(a) nó (b) de mhı́r 2.
2. Féadfaidh Ballstát a dhéanann dearbhú faoi mhı́r 1 a shonrú:
(a) go bhféadfaidh aon cheann de chúirteanna nó binsı́ an
Bhallstáit sin nach bhfuil leigheas breithiúnach faoin dlı́
náisiúnta in aghaidh a bhreitheanna a iarraidh ar Chúirt
Bhreithiúnais na gComhphobal Eorpach réamhrialú a
thabhairt ar cheist a ardaı́tear i gcás atá ar feitheamh os a
chomhair agus a bhaineann le léiriú ar an gCoinbhinsiún
maidir le leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach
a chosaint agus ar an gcéad Phrótacal a ghabhann leis má
mheasann an chúirt nó an binse sin gur gá breith a thabhairt ar an gceist ionas go bhféadfaidh sé breithiúnas a
thabhairt; nó
(b) go bhféadfaidh aon cheann de chúirteanna nó binsı́ an
Bhallstáit sin a iarraidh ar Chúirt Bhreithiúnais na
gComhphobal Eorpach réamhrialú a thabhairt ar cheist a
ardaı́tear i gcás atá ar feitheamh os a chomhair agus a
(1)
IO Uimh. C 313, 23.10.1996, lch.1.
75
Section 41.
Select target paragraph3
Connect to a paragraph
Connect to an entity
Disable highlights
Add to table of contents