[2001.] Criminal Justice (Theft and Fraud Offences) Act, 2001. [No. 50.] 2. Is téacs údarásach téacs an Phrótacail seo i dteanga an Stáit Sch.9 aontaigh, arna dhréachtú ag Comhairle an Aontais Eorpaigh. 3. Déanfar ionstraimı́ aontachais a thaisceadh leis an taiscı́. 4. Tiocfaidh an Prótacal seo i bhfeidhm i leith aon Stát a aontaı́onn dó 90 lá tar éis dó a ionstraim aontachais a thaisceadh nó ar dháta an Phrótacail seo a theacht i bhfeidhm mura mbeidh sé tagtha i bhfeidhm fós tráth na tréimhse thuasluaite 90 lá a dhul in éag. Airteagal 18 Forchoimeádais 1. Féadfaidh gach Ballstát an ceart a fhorchoimeád gan sciúradh airgid a bhaineann leis na fáltais ón éilliú gnı́omhach agus neamhghnı́omhach a bhunú mar chion coiriúil ach i gcásanna tromchúiseacha éillithe ghnı́omhaigh agus neamhghnı́omhaigh. Aon Bhallstát a dhéanann forchoimeádas den sórt sin, cuirfidh sé an taiscı́ ar an eolas tráth an fhógra dá bhforáiltear in Airteagal 16(2) a thabhairt, agus tabharfaidh sé na mionsonraı́ dó maidir le raon feidhme an fhorchoimeádais. Beidh forchoimeádas den sórt sin bailı́ go ceann tréimhse cúig bliana ón bhfógra sin. Féadfar é a athnuachan uair amháin go ceann tréimhse eile cúig bliana. 2. Féadfaidh Poblacht na hOstaire a dhearbhú, tráth an fhógra dá dtagraı́tear in Airteagal 16(2) a thabhairt, nach mbeidh sı́ faoi cheangal ag Airteagail 3 agus 4. Scoirfidh dearbhú den sórt sin d’éifeacht a bheith leis cúig bliana tar éis dháta glactha an Ghnı́mh ag dréachtú an Phrótacail seo. 3. Nı́ cheadófar aon fhorchoimeádas eile amach ó na cinn dá bhforáiltear sa chéad fhleasc agus sa dara fleasc d’Airteagal 12(2). Airteagal 19 Taiscı́ 1. Is é Ardrúnaı́ Chomhairle an Aontais Eorpaigh taiscı́ an Phrótacail seo. 2. Foilseoidh an taiscı́ in Iris Oifigiúil na gComhphobal Eorpach faisnéis maidir leis an bPrótacal seo a ghlacadh agus aontachais leis, na dearbhuithe, na forchoimeádais agus gach fógra eile a bhaineann leis an bPrótacal seo. 91

Select target paragraph3

Connect to a paragraph
Connect to an entity
Disable highlights
Add to table of contents