[2001.]
Criminal Justice (Theft and Fraud
Offences) Act, 2001.
[No. 50.]
bal Eorpach, lena n-áirı́tear coireanna arna ndéanamh ag daoine a Sch.5
ndı́lsı́tear na freagrachtaı́ is airde dóibh nó coireanna arna ndéanamh
ina gcoinne;
DE BHRÍ gur chóir freisin rialacha iomchuı́ a leagan sı́os maidir le
dlı́nse agus comhar frithpháirteach, gan dochar do na coinnı́ollacha
dlı́thiúla faoina mbeidh siad infheidhme i gcásanna sonracha, lena náirı́tear dı́olúine a tharscaoileadh nuair is iomchuı́;
DE BHRÍ, ar deireadh, gur chóir forálacha ábhartha Choinbhinsiún
an 26 Iúil 1995 maidir le leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint a chur i bhfeidhm ar na gnı́omhartha coiriúla atá
folaithe sa Phrótacal seo,
TAR ÉIS COMHAONTÚ AR NA FORÁLACHA SEO A
LEANAS:
Airteagal 1
Sainmhı́nithe
Chun crı́ocha an Phrótacail seo:
(1) (a) ciallaı́onn ‘oifigeach’ aon oifigeach Comhphobail nó náisiúnta, lena n-áirı́tear aon oifigeach náisiúnta de chuid
Ballstáit eile;
(b) ciallaı́onn ‘oifigeach Comhphobail’:
— aon duine ar oifigeach nó fostaı́ eile ar conradh é de
réir bhrı́ Rialachán Foirne oifigigh na gComhphobal
Eorpach nó Choinnı́ollacha Fostaı́ochta sheirbhı́sigh
eile na gComhphobal Eorpach;
— aon duine atá tugtha ar iasacht do na Comhphobail
Eorpacha ag na Ballstáit nó ag aon chomhlacht poiblı́
nó prı́obháideach agus a fheidhmı́onn feidhmeanna is
coibhéiseach le feidhmeanna a fheidhmı́onn oifigigh
nó seirbhı́sigh eile na gComhphobal Eorpach.
Déileálfar le comhaltaı́ comhlachtaı́ arna mbunú i
gcomhréir leis na Conarthaı́ ag bunú na gComhphobal
Eorpach agus le foireann na gcomhlachtaı́ sin mar oifigigh Chomhphobail a mhéid nach bhfuil Rialachán
Foirne oifigigh na gComhphobal Eorpach ná Coinnı́ollacha Fostaı́ochta sheirbhı́sigh eile na gComhphobal Eorpach infheidhme orthu.
(c) léirı́tear ‘oifigeach náisiúnta’ i gcomhréir leis an
sainmhı́niú ar ‘oifigeach’ nó ‘oifigeach poiblı́’ atá i ndlı́
náisiúnta an Bhallstáit ina bhfuil an fheidhm sin á
feidhmiú ag an duine i dtrácht chun crı́ocha dlı́ coiriúil an
Bhallstáit sin a chur i bhfeidhm.
Ar a shon sin, i gcás imeachtaı́ a bhfuil oifigeach de chuid
Ballstáit i dtreis iontu agus a thionscain Ballstát eile, nı́
bheidh de cheangal ar an mBallstát eile sin an sainmhı́niú
ar ‘‘oifigeach náisiúnta’’ a chur i bhfeidhm ach sa mhéid
go bhfuil an sainmhı́niú sin ag luı́ lena dhlı́ náisiúnta féin.
67
Select target paragraph3
Connect to a paragraph
Connect to an entity
Disable highlights
Add to table of contents