[2001.] Criminal Justice (Theft and Fraud Offences) Act, 2001. [No. 50.] SCHEDULE 7 Text in the Irish language of the Protocol drawn up on the basis of Article K.3 of the Treaty on European Union, on the interpretation, by way of preliminary rulings, by the Court of Justice of the European Communities of the Convention on the protection of the European Communities’ financial interests done at Brussels on 29 November 1996 PRÓTACAL arna dhréachtú ar bhonn Airteagal K.3 den chonradh ar an Aontas Eorpach, maidir le léiriú, trı́ réamhrialú, ag cúirt bhreithiúnais na gComhphobal Eorpach ar an gCoinbhinsiún maidir le leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint TÁ NA hARDPHÁIRTITHE CONARTHACHA, TAR ÉIS COMHAONTÚ ar na forálacha seo a leanas a chuirfear i gceangal leis an gCoinbhinsiún: Airteagal 1 Beidh dlı́nse ag Cúirt Bhreithiúnais na gComhphobal Eorpach, faoi na coinnı́ollacha atá leagtha sı́os sa Phrótacal seo, chun réamhrialuithe a thabhairt ar léiriú ar an gCoinbhinsiún maidir le leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint agus ar an bPrótacal a ghabhann leis an gCoinbhinsiún sin agus a dréachtaı́odh ar an 27 Meán Fómhair 1996(1), dá ngairtear ‘‘an chéad Phrótacal’’ anseo feasta. Airteagal 2 1. Féadfaidh aon Bhallstát, trı́ dhearbhú a dhéanamh tráth sı́nithe an Phrótacail seo nó aon tráth eile ina dhiaidh sin, glacadh le dlı́nse Chúirt Bhreithiúnais na gComhphobal Eorpach chun réamhrialuithe a thabhairt ar léiriú ar an gCoinbhinsiún maidir le leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint agus ar an gcéad Phrótacal a ghabhann leis an gCoinbhinsiún sin faoi na coinnı́ollacha atá sonraithe i bpointe(a) nó (b) de mhı́r 2. 2. Féadfaidh Ballstát a dhéanann dearbhú faoi mhı́r 1 a shonrú: (a) go bhféadfaidh aon cheann de chúirteanna nó binsı́ an Bhallstáit sin nach bhfuil leigheas breithiúnach faoin dlı́ náisiúnta in aghaidh a bhreitheanna a iarraidh ar Chúirt Bhreithiúnais na gComhphobal Eorpach réamhrialú a thabhairt ar cheist a ardaı́tear i gcás atá ar feitheamh os a chomhair agus a bhaineann le léiriú ar an gCoinbhinsiún maidir le leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint agus ar an gcéad Phrótacal a ghabhann leis má mheasann an chúirt nó an binse sin gur gá breith a thabhairt ar an gceist ionas go bhféadfaidh sé breithiúnas a thabhairt; nó (b) go bhféadfaidh aon cheann de chúirteanna nó binsı́ an Bhallstáit sin a iarraidh ar Chúirt Bhreithiúnais na gComhphobal Eorpach réamhrialú a thabhairt ar cheist a ardaı́tear i gcás atá ar feitheamh os a chomhair agus a (1) IO Uimh. C 313, 23.10.1996, lch.1. 75 Section 41.

Select target paragraph3

Connect to a paragraph
Connect to an entity
Disable highlights
Add to table of contents