[2001.] Criminal Justice (Theft and Fraud Offences) Act, 2001. [No. 50.] AG TAGAIRT DÓIBH do Ghnı́omh ó Chomhairle an Aontais Eor- Sch.9 paigh an 19 Meitheamh 1997; ÓS MIAN LEO a áirithiú go gcuidı́onn a ndlı́the coiriúla go héifeachtúil le leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint; AG AITHINT DÓIBH thábhacht Choinbhinsiún an 26 Iúil 1995 maidir le leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint chun calaois a dhéanann dochar d’ioncam agus caiteachas na gComhphobal a chomhrac; AG AITHINT DÓIBH thábhacht Phrótacal an 27 Meán Fómhair 1996 a ghabhann leis an gCoinbhinsiún sin sa chomhrac i gcoinne éilliú a dhéanann dı́obháil, nó ar dóigh dó dı́obháil a dhéanamh, do leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach; ÓS FIOS DÓIBH go bhféadfaidh gnı́omhartha arna ndéanamh thar ceann daoine dlı́theanacha agus gnı́omhartha a bhfuil sciúradh airgid i dtreis iontu dı́obháil a dhéanamh do leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach nó bheith ina mbagairt orthu; ÓS DEIMHIN LEO gur gá an dlı́ náisiúnta a oiriúnú, nuair is gá, chun a fhoráil go bhféadfar daoine dlı́theanacha a chur faoi dhliteanas i gcásanna calaoise nó éillithe ghnı́omhaigh agus sciúrtha airgid a dhéanann dı́obháil, nó ar dóigh dóibh dı́obháil a dhéanamh, do leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach; ÓS DEIMHIN LEO gur gá an dlı́ náisiúnta a oiriúnú, nuair is gá, chun gnı́omhartha a phionósú lena ndéantar fáltais ón gcalaois nó ón éilliú a sciúradh a dhéanann dı́obháil, nó ar dóigh dóibh dı́obháil a dhéanamh, do leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach agus chun gur féidir fáltais ó chalaois agus éilliú den sórt sin a choigistiú; ÓS DEIMHIN LEO gur gá an dlı́ náisiúnta a oiriúnú, nuair is gá, d’fhonn a chosc go ndéanfar cúnamh frithpháirteach a dhiúltú toisc amháin go bhfuil baint ag na cionta atá folaithe sa Phrótacal seo le cionta a bhaineann le cánacha nó dleachtanna custaim nó go meastar gur cionta den saghas sin iad; AG TABHAIRT DÁ nAIRE DÓIBH go bhfuil an comhar idir na Ballstáit folaithe cheana i gCoinbhinsiún an 26 Iúil 1995 maidir le leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint ach gur gá, gan dochar d’oibleagáidı́ faoin dlı́ Comhphobail, a fhoráil go hiomchuı́ freisin do chomhar idir na Ballstáit agus an Coimisiún d’fhonn gnı́omhaı́ocht éifeachtúil a áirithiú i gcoinne na calaoise, an éillithe ghnı́omhaigh agus neamhghnı́omhaigh agus sciúradh airgid gaolmhar a dhéanann dı́obháil, nó ar dóigh dóibh dı́obháil a dhéanamh, do leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach, lena n-áirı́tear malartú faisnéise idir na Ballstáit agus an Coimisiún; DE BHRÍ gur gá, d’fhonn malartú faisnéise a chothú agus a éascú, cosaint leormhaith a áirithiú do shonraı́ pearsanta; DE BHRÍ nár chóir go mbeadh an malartú faisnéise ina bhac ar imscrúduithe atá faoi shiúl agus gur gá dá bhrı́ sin a fhoráil go gcosnófar rúndacht an imscrúdaithe; DE BHRÍ gur chóir freisin forálacha iomchuı́ a leagan sı́os maidir le dlı́nse Chúirt Bhreithiúnais na gComhphobal Eorpach; 85

Select target paragraph3

Connect to a paragraph
Connect to an entity
Disable highlights
Add to table of contents