[2001.] Criminal Justice (Theft and Fraud Offences) Act, 2001. [No. 50.] chuid an duine dhlı́theanaigh, a bhfuil ardseasamh aige laistigh den Sch.9 duine dlı́theanach atá bunaithe: — ar chumhacht ionadaı́ochta don duine dlı́theanach, nó — ar údarás chun cinntı́ a ghlacadh thar ceann an duine dhlı́theanaigh, nó — ar údarás chun rialú a fheidhmiú laistigh den duine dlı́theanach, agus freisin faoi dhliteanas do bheith i dtreis mar chúlpháirtithe nó mar ghrı́osóirı́ i gcalaois, in éilliú gnı́omhach nó i sciúradh airgid den sórt sin nó in iarracht ar chalaois den sórt sin a dhéanamh. 2. Amach ó na cásanna dá bhforáiltear cheana i mı́r 1, glacfaidh gach Ballstát na bearta is gá chun a áirithiú go bhféadfar duine dlı́theanach a chur faoi dhliteanas nuair is é an easpa maoirseachta nó rialaithe de chuid duine dá dtagraı́tear i mı́r 1 ba chúis gurbh fhéidir le duine faoina údarás calaois nó gnı́omh éillithe ghnı́omhaigh nó sciúradh airgid a dhéanamh ar mhaithe leis an duine dlı́theanach sin. 3. Nı́ eisiafaidh dliteanas duine dhlı́theanaigh faoi mhı́reanna 1 agus 2 imeachtaı́ coiriúla i gcoinne daoine nádúrtha is údair nó grı́osóirı́ na calaoise, an éillithe ghnı́omhaigh nó an sciúrtha airgid nó is cúlpháirtithe iontu. Airteagal 4 Smachtbhannaı́ do dhaoine dlı́theanacha 1. Glacfaidh gach Ballstát na bearta is gá chun a áirithiú go mbeidh duine dlı́theanach arna chur faoi dhliteanas de bhun Airteagal 3(1) inphionóis le smachtbhannaı́ atá éifeachtúil, comhréireach agus athchomhairleach a chuimseoidh fı́neálacha coiriúla nó neamhchoiriúla agus a fhéadfaidh smachtbhannaı́ eile a chuimsiú amhail: (a) eisiamh ón teideal chun sochar poiblı́ nó cúnaimh; (b) dı́cháiliú sealadach nó buan chun gnı́omhaı́ochtaı́ tráchtála a chleachtadh; (c) cur faoi mhaoirseacht bhreithiúnach; (d) ordú foirceanta breithiúnach. 2. Glacfaidh gach Ballstát na bearta is gá chun a áirithiú go mbeidh duine dlı́theanach arna chur faoi dhliteanas de bhun Airteagal 3(2) inphionóis le smachtbhannaı́ nó bearta atá éifeachtúil, comhréireach agus athchomhairleach. Airteagal 5 Coigistiú Glacfaidh gach Ballstát na bearta is gá chun a áirithiú go bhféadfar ionstraimı́ na calaoise, an éillithe ghnı́omhaigh agus neamhghnı́omhaigh agus an sciúrtha airgid, agus fáltais uathu nó maoin a bhfreagraı́onn a luach d’fháltais den sórt sin, a urghabháil agus, gan dochar do chearta trı́ú páirtithe bona fide, a choigistiú nó a aistriú. Déileálfaidh an Ballstát, i gcomhréir lena dhlı́ náisiúnta, le haon ionstraimı́, fáltais nó maoin eile arna n-urghabháil nó arna gcoigistiú. 87

Select target paragraph3

Connect to a paragraph
Connect to an entity
Disable highlights
Add to table of contents