[No. 50.]
Sch.7
Criminal Justice (Theft and Fraud
Offences) Act, 2001.
[2001.]
bhaineann le léiriú ar an gCoinbhinsiún maidir le leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint
agus ar an gcéad Phrótacal a ghabhann leis má mheasann
an chúirt nó an binse sin gur gá breith a thabhairt ar an
gceist ionas go bhféadfaidh sé breithiúnas a thabhairt.
Airteagal 3
1. Beidh an Prótacal ar Reacht Chúirt Bhreithiúnais na
gComhphobal Eorpach agus Rialacha Nós Imeachta na Cúirte Breithiúnais sin infheidhme.
2. I gcomhréir le Reacht Chúirt Bhreithiúnais na gComhphobal
Eorpach, beidh gach Ballstát, bı́odh nó ná bı́odh dearbhú de bhun
Airteagal 2 déanta aige, i dteideal ráitis cháis nó barúlacha i
scrı́bhinn a thı́olacadh do Chúirt Bhreithiúnais na gComhphobal
Eorpach i gcásanna a thagann chun cinn faoi Airteagal 1.
Airteagal 4
1. Beidh an Prótacal seo faoi réir a ghlactha ag na Ballstáit i
gcomhréir lena rialacha bunreachtúla faoi seach.
2. Cuirfidh na Ballstáit in iúl don taiscı́ go bhfuil na nósanna
imeachta is gá faoina rialacha bunreachtúla faoi seach chun an Prótacal seo a ghlacadh comhlı́onta acu, agus cuirfidh siad in iúl dó freisin
aon dearbhú arna dhéanamh de bhun Airteagal 2.
3. Tiocfaidh an Prótacal seo i bhfeidhm 90 tar éis don fhógra dá
dtagraı́tear i mı́r 2 a bheith tugtha ag an Stát, is Ballstát den Aontas
Eorpach tráth na Comhairle do ghlacadh an Ghnı́mh ag dréachtú an
Phrótacail seo, is déanaı́ a dhéanfaidh an beart sin. Ar a shon sin,
tiocfaidh sé i bhfeidhm ar a luaithe san am céanna leis an gCoinbhinsiún maidir le leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a
chosaint.
Airteagal 5
1. Beidh aontachas leis an bPrótacal seo ar oscailt d’aon Stát a
thagann chun bheith ina Bhallstát den Aontas Eorpach.
2. Taiscfear na hionstraimı́ aontachais leis an taiscı́.
3. Is téacs údarásach téacs an Phrótacail seo i dteanga an Stáit
aontaigh, arna dhréachtú ag Comhairle an Aontais Eorpaigh.
4. Tiocfaidh an Prótacal seo i bhfeidhm i leith aon Stáit aontaigh
90 lá tar éis dó a ionstraim aontachais a thaisceadh nó ar dháta an
Phrótacail seo a theacht i bhfeidhm mura mbeidh sé tagtha i
bhfeidhm fós tráth na tréimhse 90 lá thuasluaite a dhul in éag.
Airteagal 6
Aon Stát a thagann chun bheith ina Bhallstát den Aontas Eorpach
agus a aontaı́onn don Choinbhinsiún maidir le leasanna airgeadais
na gComhphobal Eorpach a chosaint i gcomhréir le hAirteagal 12
de, glacfaidh sé le forálacha an Phrótacail seo.
76
Select target paragraph3
Connect to a paragraph
Connect to an entity
Disable highlights
Add to table of contents