[No. 50.]
Sch.9
Criminal Justice (Theft and Fraud
Offences) Act, 2001.
[2001.]
DE BHRÍ, ar deireadh, gur chóir forálacha ábhartha Choinbhinsiún
an 26 Iúil 1995 maidir le leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint a chur i bhfeidhm ar ghnı́omhartha áirithe atá folaithe sa Phrótacal seo,
TAR ÉIS COMHAONTÚ AR NA FORÁLACHA SEO A
LEANAS:
Airteagal 1
Sainmhı́nithe
Chun crı́och an Phrótacail seo:
(a) ciallaı́onn ‘‘an Coinbhinsiún’’ Coinbhinsiún an 26 Iúil 1995,
arna dhréachtú ar bhonn Airteagal K.3 den Chonradh
ar an Aontas Eorpach, maidir le leasanna airgeadais na
gComhphobal Eorpach a chosaint(1);
(b) ciallaı́onn ‘‘calaois’’ an t-iompar dá dtagraı́tear in Airteagal
1 den Choinbhinsiún;
(c) — ciallaı́onn ‘‘éilliú neamhghnı́omhach’’ an t-iompar dá
dtagraı́tear in Airteagal 2 de Phrótacal an 27 Meán
Fómhair 1996, arna dhréachtú ar bhonn Airteagal K.3
den Chonradh ar an Aontas Eorpach, a ghabhann leis an
gCoinbhinsiún maidir le leasanna airgeadais na
gComhphobal Eorpach a chosaint(2);
— ciallaı́onn ‘‘éilliú gnı́omhach’’ an t-iompar dá dtagraı́tear
in Airteagal 3 den Phrótacal céanna;
(d) ciallaı́onn ‘‘duine dlı́theanach’’ aon eintiteas a bhfuil stádas
den sórt sin aige faoin dlı́ náisiúnta is infheidhme, amach
ó Stáit nó comhlachtaı́ poiblı́ eile i bhfeidhmiú údarás an
Stáit agus ó eagraı́ochtaı́ idirnáisiúnta poiblı́;
(e) ciallaı́onn ‘‘sciúradh airgid’’ an t-iompar atá sainithe sa trı́ú
fleasc d’Airteagal 1 de Threoir 91/308/CEE ón gComhairle an 10 Meitheamh 1991 maidir le húsáid an chórais
airgeadais chun crı́che sciúradh airgid a chosc(3), a bhaineann le fáltais ón gcalaois, ar a laghad i gcásanna tromchúiseacha calaoise, agus ón éilliú gnı́omhach agus
neamhghnı́omhach.
Airteagal 2
Sciúradh airgid
Glacfaidh gach Ballstát na bearta is gá chun sciúradh airgid a
bhunú mar chion coiriúil.
Airteagal 3
Dliteanas daoine dlı́theanacha
1. Glacfaidh gach Ballstát na bearta is gá chun a áirithiú go bhféadfar
daoine dlı́theanacha a chur faoi dhliteanas don chalaois, don éilliú
gnı́omhach agus do sciúradh airgid arna ndéanamh ar mhaithe leo
ag aon duine, ag gnı́omhú dó ina aonar nó mar bhall d’orgán de
(1)
IO Uimh. C 316, 27.11.1995, lch. 49.
IO Uimh. C 313, 23.10.1996, lch. 2.
(3)
IO Uimh. L 166, 28. 6.1991, lch. 77.
(2)
86
Select target paragraph3
Connect to a paragraph
Connect to an entity
Disable highlights
Add to table of contents