[No. 50.]
Sch.9
Criminal Justice (Theft and Fraud
Offences) Act, 2001.
[2001.]
Airteagal 6
Cionta a bhaineann le cánacha agus dleachtanna custaim
Nı́ fhéadfaidh Ballstát diúltú cúnamh frithpháirteach a sholáthar i
ndáil leis an gcalaois, an éilliú gnı́omhach agus neamhghnı́omhach
agus an sciúradh airgid toisc amháin go bhfuil baint aige le cion a
bhaineann le cánacha nó dleachtanna custaim nó go meastar gur cion
den saghas sin é.
Airteagal 7
Comhar le Coimisiún na gComhphobal Eorpach
1. Comhoibreoidh na Ballstáit agus Coimisiún na gComhphobal
Eorpach le chéile chun an chalaois, an t-éilliú gnı́omhach agus
neamhghnı́omhach agus sciúradh airgid a chomhrac.
Chuige sin, soláthróidh an Coimisiún aon chúnamh teicniúil agus
oibrı́ochtúil a fhéadfaidh a bheith ag teastáil ó na húdaráis náisiúnta
inniúla chun comhordú a n-imscrúduithe a éascú.
2. Féadfaidh na húdaráis inniúla sna Ballstáit faisnéis a mhalartú
leis an gCoimisiún chun gur fusa na fı́orais a shuı́omh agus gnı́omhaı́ocht éifeachtúil a áirithiú i gcoinne na calaoise, an éillithe ghnı́omhaigh agus neamhghnı́omhaigh agus an sciúrtha airgid. Cuirfidh an
Coimisiún agus na húdaráis náisiúnta inniúla san áireamh, i ngach
cás sonrach, riachtanais rúndacht na n-imscrúduithe agus chosaint na
sonraı́. Chuige sin, féadfaidh Ballstát, tráth na faisnéise a sholáthar
don Choimisiún, coinnı́ollacha sonracha a leagan sı́os a fholaı́onn
úsáid na faisnéise ag an gCoimisiún nó ag Ballstát eile a bhféadfar
an fhaisnéis sin a chur chuige.
Airteagal 8
Freagracht an Choimisiúin as sonraı́ a chosaint
Áiritheoidh an Coimisiún, i gcomhthéacs faisnéis a mhalartú faoi
Airteagal 7(2), go n-urramóidh sé, i ndáil le próiseáil sonraı́ pearsanta, leibhéal cosanta is coibhéiseach leis an leibhéal cosanta atá
leagtha amach i dTreoir 95/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón
gComhairle an 24 Deireadh Fómhair 1995 maidir le daoine aonair a
chosaint i dtaca le próiseáil sonraı́ pearsanta agus saorghluaiseacht
sonraı́ den sórt sin(1).
Airteagal 9
Rialacha cosanta sonraı́ a fhoilsiú
Déanfar na rialacha a ghlacfar maidir leis na hoibleagáidı́ faoi Airteagal 8 a fhoilsiú in Iris Oifigiúil na gComhphobal Eorpach.
Airteagal 10
Sonraı́ a aistriú chuig Ballstáit eile agus chuig trı́ú tı́ortha
1. Faoi réir aon choinnı́ollacha dá dtagraı́tear in Airteagal 7(2),
féadfaidh an Coimisiún sonraı́ pearsanta a fhaightear ó Ballstát i
bhfeidhmiú a fheidhmeanna faoi Airteagal 7 a aistriú chuig aon
Bhallstát eile. Cuirfidh an Coimisiún in iúl don Bhallstát a sholáthair
an fhaisnéis go bhfuil sé ar intinn aige an t-aistriú sin a dhéanamh.
(1)
IO Uimh. L 281, 23.11.1995, lch. 31.
88
Select target paragraph3
Connect to a paragraph
Connect to an entity
Disable highlights
Add to table of contents