[No. 50.]
Sch.9
Criminal Justice (Theft and Fraud
Offences) Act, 2001.
[2001.]
3. Beidh Prótacal an 29 Samhain 1996, arna dhréachtú ar bhonn
Airteagal K.3 den Chonradh ar an Aontas Eorpach, maidir le léiriú,
trı́ réamhrialú, ag Cúirt Bhreithiúnais na gComhphobal Eorpach ar
an gCoinbhinsiún maidir le leasanna airgeadais na gComhphobal
Eorpach a chosaint(1), infheidhme ar an bPrótacal seo, ar é a bheith
le tuiscint go mbeidh dearbhú arna dhéanamh ag Ballstát de bhun
Airteagal 2 den Phrótacal sin bailı́ freisin i leith an Phrótacail seo
mura ndéanfaidh an Ballstát i dtrácht dearbhú dá mhalairt tráth an
fhógra dá bhforáiltear in Airteagal 16(2) den Phrótacal seo a
thabhairt.
Airteagal 14
Dliteanas neamhchonarthach
Chun crı́och an Phrótacail seo, beidh dliteanas neamhchonarthach
an Chomhphobail faoi rialú ag an dara mı́r d’Airteagal 215 den
Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh. Beidh Airteagal 178
den Chonradh céanna infheidhme.
Airteagal 15
Rialú breithiúnach
1. Beidh dlı́nse ag an gCúirt Bhreithiúnais in imeachtaı́ arna
dtionscnamh ag aon duine nádúrtha nó dlı́theanach in aghaidh cinneadh ón gCoimisiún a dı́rı́odh chuig an duine sin nó is dá chúram go
dı́reach agus go leithleach, mar gheall ar shárú Airteagal 8 nó aon
riail arna glacadh dá bhun nó mar gheall ar mhı́-úsáid cumhachtaı́.
2. Beidh Airteagail 168a(1) agus (2), an cúigiú mı́r d’Airteagal
173, an chéad mhı́r d’Airteagal 174, an chéad mhı́r agus an dara mı́r
d’Airteagal 176, agus Airteagail 185 agus 186 den Chonradh ag bunú
an Chomhphobail Eorpaigh, maille le Reacht Chúirt Bhreithiúnais
na gComhphobal Eorpach, infheidhme mutatis mutandis.
Airteagal 16
Teacht i bhfeidhm
1. Beidh an Prótacal seo faoi réir a ghlactha ag na Ballstáit i
gcomhréir lena rialacha bunreachtúla faoi seach.
2. Cuirfidh na Ballstáit in iúl d’Ardrúnaı́ Chomhairle an Aontais
Eorpaigh go bhfuil na nósanna imeachta is gá faoina rialacha bunreachtúla faoi seach chun an Prótacal seo a ghlacadh comhlı́onta acu.
3. Tiocfaidh an Prótacal seo i bhfeidhm 90 lá tar éis don fhógra
dá bhforáiltear i mı́r 2 a bheith tugtha ag an Stát is Ballstát den
Aontas Eorpach ar an dáta a ghlac an Chomhairle an Gnı́omh ag
dréachtú an Phrótacail seo is déanaı́ a dhéanfaidh an beart sin. Mura
mbeidh an Coinbhinsiún tagtha i bhfeidhm ar an dáta sin áfach, tiocfaidh an Prótacal seo i bhfeidhm ar an dáta a thiocfaidh an
Choinbhinsiún i bhfeidhm.
4. Ar a shon sin, déanfar cuir i bhfeidhm Airteagal 7(2) a fhionraı́
mura mbeidh, agus fad nach mbeidh, an institiúid ábhartha de chuid
na gComhphobal Eorpach tar éis a hoibleagáid na rialacha cosanta
sonraı́ a fhoilsiú de bhun Airteagal 9 a chomhlı́onadh nó mura mbeifear, agus fad nach mbeifear, tar éis téarmaı́ Airteagal 11 maidir leis
an údarás maoirseachta a chomhlı́onadh.
Airteagal 17
Aontachas Ballstát nua
1. Beidh an Prótacal seo ar oscailt d’aontachas aon Stát a thiocfaidh chun bheith ina Bhallstát den Aontas Eorpach.
(1)
IO Uimh. C 151, 20.5.1997, lch. 1.
90
Select target paragraph3
Connect to a paragraph
Connect to an entity
Disable highlights
Add to table of contents