[No. 50.] Sch.5 Criminal Justice (Theft and Fraud Offences) Act, 2001. [2001.] (d) nuair is oifigeach Comhphobail atá ag obair d’institiúid de chuid na gComhphobal Eorpach nó do chomhlacht arna bhunú i gcomhréir leis na Conarthaı́ ag bunú na gComhphobal Eorpach a bhfuil a shuı́omh aige sa Bhallstát i dtrácht an ciontóir. 2. Féadfaidh gach Ballstát, agus an fógra dá bhforáiltear in Airteagal 9(2) á thabhairt aige, a dhearbhú nach ndéanfaidh sé ceann amháin nó nı́os mó de na rialacha dlı́nse atá leagtha sı́os i bpointı́ (b), (c) agus (d) de mhı́r 1 a chur i bhfeidhm nó nach gcuirfidh sé i bhfeidhm é nó iad ach i gcásanna nó imthosca sonracha. Airteagal 7 Gaol leis an gCoinbhinsiún 1. Beidh Airteagail 3, 5(1), (2) agus (4) agus 6 den Choinbhinsiún infheidhme amhail is dá mbeadh tagairt iontu don iompar dá dtagraı́tear in Airteagail 2, 3 agus 4 den Phrótacal seo. 2. Beidh na forálacha seo a leanas den Choinbhinsiún infheidhme ar an bPrótacal seo freisin: — Airteagal 7, ar é a bheith le tuiscint go mbeidh aon dearbhú de réir bhrı́ Airteagal 7(2) den Choinbhinsiún infheidhme ar an bPrótacal seo freisin mura sonrófar a mhalairt tráth an fhógra dá bhforáiltear in Airteagal 9(2) den Phrótacal seo a thabhairt, — Airteagal 9, — Airteagal 10. Airteagal 8 An Chúirt Bhreithiúnais 1. Nı́ foláir don Chomhairle aon dı́ospóidı́ idir na Ballstáit maidir le léiriú nó cur i bhfeidhm an Phrótacail seo a phlé mar chéad chéim i gcomhréir leis an nós imeachta atá leagtha amach i dTeideal VI den Chonradh ar an Aontas Eorpach d’fhonn teacht ar réiteach. Mura mbeidh réiteach faighte laistigh de thréimhse sé mhı́ féadfaidh páirtı́ sa dı́ospóid ı́ a chur faoi bhráid Chúirt Bhreithiúnais na gComhphobal Eorpach. 2. Féadfar aon dı́ospóid maidir le hAirteagal 1, seachas pointe1(c) de, nó maidir le hAirteagail 2, 3 agus 4 nó Airteagal 7(2), trı́ú fleasc, den Phrótacal seo idir Ballstát amháin nó nı́os mó agus Coimisiún na gComhphobal Eorpach nárbh fhéidir a réiteach trı́ chaibidlı́ocht a chur faoi bhráid Chúirt Bhreithiúnais na gComhphobal Eorpach. 70

Select target paragraph3

Connect to a paragraph
Connect to an entity
Disable highlights
Add to table of contents