[No. 50.]
Sch.5
Criminal Justice (Theft and Fraud
Offences) Act, 2001.
[2001.]
(2) ciallaı́onn ‘‘Coinbhinsiún’’ Coinbhinsiún an 26 Iúil 1995, arna
dhréachtú ar bhonn Airteagal K.3 den Chonradh ar an Aontas Eorpach, maidir le leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a
chosaint(1).
Airteagal 2
Éilliú neamhghnı́omhach
1. Chun crı́ocha an Phrótacail seo, is éard é éilliu�� neamhghnı́omhach gnı́omh intinneach oifigeach a iarrann nó a fhaigheann, go dı́reach nó trı́ idirghabhálaı́, buntáistı́ de chineál ar bith dó féin nó do
thrı́ú páirtı́, nó a ghlacann gealltanas buntáiste den sórt sin, chun
gnı́omh a dhéanamh nó staonadh ó ghnı́omh a dhéanamh i gcomhréir
lena fheidhmeanna nó i bhfeidhmiú a fheidhmeanna de shárú ar a
dhualgais oifigiúla ar dhóigh a dhéanann dı́obháil, nó ar dóigh di
dı́obháil a dhéanamh, do leasanna airgeadais na gComhphobal
Eorpach.
2. Glacfaidh gach Ballstát na bearta is gá chun a áirithiú go ndéanfar cion coiriúil den iompar dá dtagraı́tear i mı́r 1.
Airteagal 3
Éilliú gnı́omhach
1. Chun crı́ocha an Phrótacail seo, is éard é éilliú gnı́omhach
gnı́omh intinneach aon duine a gheallann nó a thugann, go dı́reach
nó trı́ idirghabhálaı́, buntáiste de chineál ar bith d’oifigeach, dó féin
nó do thrı́ú páirtı́, chun gnı́omh a dhéanamh nó staonadh ó ghnı́omh
a dhéanamh i gcomhréir lena fheidhmeanna nó i bhfeidhmiú a
fheidhmeanna de shárú ar a dhualgais oifigiúla ar dhóigh a dhéanann
dı́obháil, nó ar dóigh di dı́obháil a dhéanamh, do leasanna airgeadais
na gComhphobal Eorpach.
2. Glacfaidh gach Ballstát na bearta is gá chun a áirithiú go ndéanfar cion coiriúil den iompar dá dtagraı́tear i mı́r 1.
Airteagal 4
Comhshamhlú
1. Glacfaidh gach Ballstát na bearta is gá chun a áirithiú go
mbeidh tuairiscı́ na gcionta ina dhlı́ coiriúil arb éard iad iompar den
saghas dá dtagraı́tear in Airteagal 1 den Choinbhinsiún arna ndéanamh ag a oifigigh náisiúnta i bhfeidhmiú a bhfeidhmeanna
infheidhme ar an dóigh chéanna ar chásanna ina ndéanann oifigigh
Chomhphobail na cionta sin i bhfeidhmiú a bhfeidhmeanna.
2. Glacfaidh gach Ballstát na bearta is gá chun a áirithiú go
mbeidh tuairiscı́ na gcionta ina dhlı́ coiriúil dá dtagraı́tear i mı́r 1 den
Airteagal seo agus in Airteagail 2 agus 3 arna ndéanamh ag a Airı́
Rialtais, comhaltaı́ tofa a sheomraı́ parlaiminteacha, comhaltaı́ a
chúirteanna is airde nó comhaltaı́ a chúirte iniúchóirı́ i bhfeidhmiú a
bhfeidhmeanna, nó arna ndéanamh ina gcoinne, infheidhme ar an
dóigh chéanna ar chásanna ina ndéanann comhaltaı́ de Choimisiún
na gComhphobal Eorpach, de Pharlaimint na hEorpa, de Chúirt
Bhreithiúnais nó de Chúirt Iniúchóirı́ na gComhphobal Eorpach, faoi
(1)
IO Uimh. C 316, 27.11.1995, lch. 49.
68
Select target paragraph3
Connect to a paragraph
Connect to an entity
Disable highlights
Add to table of contents