[2001.]
Criminal Justice (Theft and Fraud
Offences) Act, 2001.
[No. 50.]
Airteagal 9
Teacht i bhfeidhm
1. Beidh an Prótacal seo faoi réir a ghlactha ag na Ballstáit i
gcomhréir lena rialacha bunreachtúla faoi seach.
2. Cuirfidh na Ballstáit in iúl d’Ardrúnaı́ Chomhairle an Aontais
Eorpaigh go bhfuil na nósanna imeachta is gá faoina rialacha bunreachtúla faoi seach chun an Prótacal seo a ghlacadh comhlı́onta acu.
3. Tiocfaidh an Prótacal seo i bhfeidhm 90 lá tar éis don fhógra
dá bhforáiltear i mı́r 2 a bheith tugtha ag an Stát is Ballstát den
Aontas Eorpach an tráth a ghlacfaidh an Chomhairle an Gnı́omh ag
dréachtú an Phrótacail seo is déanaı́ a dhéanfaidh an beart sin. Mura
mbeidh an Coinbhinsiún tagtha i bhfeidhm ar an dáta sin áfach, tiocfaidh an Prótacal seo i bhfeidhm ar an dáta a thiocfaidh an Coinbhinsiún i bhfeidhm.
Airteagal 10
Aontachas Ballstát nua
1. Beidh an Prótacal seo ar oscailt d’aontachas aon Stáit a thiocfaidh chun bheith ina Bhallstát den Aontas Eorpach.
2. Is téacs údarásach téacs an Phrótacail seo i dteanga an Stáit
aontaigh, arna dhréachtú ag Comhairle an Aontais Eorpaigh.
3. Déanfar na hionstraimı́ aontachais a thaisceadh leis an taiscı́.
4. Tiocfaidh an Prótacal seo i bhfeidhm i leith aon Stáit a aontaı́onn dó 90 lá tar éis dó a ionstraim aontachais a thaisceadh nó ar
dháta an Phrótacail seo a theacht i bhfeidhm mura mbeidh sé tagtha
i bhfeidhm fós tráth na tréimhse thuasluaite 90 lá a dhul in éag.
Airteagal 11
Forchoimeádais
1. Nı́ cheadófar aon fhorchoimeádas seachas na cinn dá bhforáiltear in Airteagal 6(2).
2. Féadfaidh aon Bhallstát a bhfuil forchoimeádas déanta aige é a
tharraingt siar go hiomlán nó go páirteach tráth ar bith trı́ fhógra a
chur chuig an taiscı́. Gabhfaidh éifeacht leis an tarraingt siar ar an
dáta a fhaigheann an taiscı́ an fógra.
Airteagal 12
Taiscı́
1. Is é Ardrúnaı́ Chomhairle an Aontais Eorpaigh taisc an Phrótacail seo.
2. Foilseoidh an taiscı́ in Iris Oifigiúil na gComhphobal Eorpach
faisnéis maidir leis an bPrótacal seo a ghlacadh agus aontachais leis,
na dearbhuithe, na forchoimeádais agus gach fógra eile a bhaineann
leis an bPrótacal seo.
71
Sch.5
Select target paragraph3
Connect to a paragraph
Connect to an entity
Disable highlights
Add to table of contents