[2001.]
Criminal Justice (Theft and Fraud
Offences) Act, 2001.
[No. 50.]
2. Is téacs údarásach téacs an Phrótacail seo i dteanga an Stáit Sch.9
aontaigh, arna dhréachtú ag Comhairle an Aontais Eorpaigh.
3. Déanfar ionstraimı́ aontachais a thaisceadh leis an taiscı́.
4. Tiocfaidh an Prótacal seo i bhfeidhm i leith aon Stát a aontaı́onn dó 90 lá tar éis dó a ionstraim aontachais a thaisceadh nó ar
dháta an Phrótacail seo a theacht i bhfeidhm mura mbeidh sé tagtha
i bhfeidhm fós tráth na tréimhse thuasluaite 90 lá a dhul in éag.
Airteagal 18
Forchoimeádais
1. Féadfaidh gach Ballstát an ceart a fhorchoimeád gan sciúradh
airgid a bhaineann leis na fáltais ón éilliú gnı́omhach agus neamhghnı́omhach a bhunú mar chion coiriúil ach i gcásanna tromchúiseacha
éillithe ghnı́omhaigh agus neamhghnı́omhaigh. Aon Bhallstát a
dhéanann forchoimeádas den sórt sin, cuirfidh sé an taiscı́ ar an eolas
tráth an fhógra dá bhforáiltear in Airteagal 16(2) a thabhairt, agus
tabharfaidh sé na mionsonraı́ dó maidir le raon feidhme an fhorchoimeádais. Beidh forchoimeádas den sórt sin bailı́ go ceann tréimhse
cúig bliana ón bhfógra sin. Féadfar é a athnuachan uair amháin go
ceann tréimhse eile cúig bliana.
2. Féadfaidh Poblacht na hOstaire a dhearbhú, tráth an fhógra dá
dtagraı́tear in Airteagal 16(2) a thabhairt, nach mbeidh sı́ faoi cheangal ag Airteagail 3 agus 4. Scoirfidh dearbhú den sórt sin d’éifeacht
a bheith leis cúig bliana tar éis dháta glactha an Ghnı́mh ag dréachtú
an Phrótacail seo.
3. Nı́ cheadófar aon fhorchoimeádas eile amach ó na cinn dá
bhforáiltear sa chéad fhleasc agus sa dara fleasc d’Airteagal 12(2).
Airteagal 19
Taiscı́
1. Is é Ardrúnaı́ Chomhairle an Aontais Eorpaigh taiscı́ an Phrótacail seo.
2. Foilseoidh an taiscı́ in Iris Oifigiúil na gComhphobal Eorpach
faisnéis maidir leis an bPrótacal seo a ghlacadh agus aontachais leis,
na dearbhuithe, na forchoimeádais agus gach fógra eile a bhaineann
leis an bPrótacal seo.
91
Select target paragraph3
Connect to a paragraph
Connect to an entity
Disable highlights
Add to table of contents