[No. 50.] Sch.9 Criminal Justice (Theft and Fraud Offences) Act, 2001. [2001.] Airteagal 6 Cionta a bhaineann le cánacha agus dleachtanna custaim Nı́ fhéadfaidh Ballstát diúltú cúnamh frithpháirteach a sholáthar i ndáil leis an gcalaois, an éilliú gnı́omhach agus neamhghnı́omhach agus an sciúradh airgid toisc amháin go bhfuil baint aige le cion a bhaineann le cánacha nó dleachtanna custaim nó go meastar gur cion den saghas sin é. Airteagal 7 Comhar le Coimisiún na gComhphobal Eorpach 1. Comhoibreoidh na Ballstáit agus Coimisiún na gComhphobal Eorpach le chéile chun an chalaois, an t-éilliú gnı́omhach agus neamhghnı́omhach agus sciúradh airgid a chomhrac. Chuige sin, soláthróidh an Coimisiún aon chúnamh teicniúil agus oibrı́ochtúil a fhéadfaidh a bheith ag teastáil ó na húdaráis náisiúnta inniúla chun comhordú a n-imscrúduithe a éascú. 2. Féadfaidh na húdaráis inniúla sna Ballstáit faisnéis a mhalartú leis an gCoimisiún chun gur fusa na fı́orais a shuı́omh agus gnı́omhaı́ocht éifeachtúil a áirithiú i gcoinne na calaoise, an éillithe ghnı́omhaigh agus neamhghnı́omhaigh agus an sciúrtha airgid. Cuirfidh an Coimisiún agus na húdaráis náisiúnta inniúla san áireamh, i ngach cás sonrach, riachtanais rúndacht na n-imscrúduithe agus chosaint na sonraı́. Chuige sin, féadfaidh Ballstát, tráth na faisnéise a sholáthar don Choimisiún, coinnı́ollacha sonracha a leagan sı́os a fholaı́onn úsáid na faisnéise ag an gCoimisiún nó ag Ballstát eile a bhféadfar an fhaisnéis sin a chur chuige. Airteagal 8 Freagracht an Choimisiúin as sonraı́ a chosaint Áiritheoidh an Coimisiún, i gcomhthéacs faisnéis a mhalartú faoi Airteagal 7(2), go n-urramóidh sé, i ndáil le próiseáil sonraı́ pearsanta, leibhéal cosanta is coibhéiseach leis an leibhéal cosanta atá leagtha amach i dTreoir 95/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Deireadh Fómhair 1995 maidir le daoine aonair a chosaint i dtaca le próiseáil sonraı́ pearsanta agus saorghluaiseacht sonraı́ den sórt sin(1). Airteagal 9 Rialacha cosanta sonraı́ a fhoilsiú Déanfar na rialacha a ghlacfar maidir leis na hoibleagáidı́ faoi Airteagal 8 a fhoilsiú in Iris Oifigiúil na gComhphobal Eorpach. Airteagal 10 Sonraı́ a aistriú chuig Ballstáit eile agus chuig trı́ú tı́ortha 1. Faoi réir aon choinnı́ollacha dá dtagraı́tear in Airteagal 7(2), féadfaidh an Coimisiún sonraı́ pearsanta a fhaightear ó Ballstát i bhfeidhmiú a fheidhmeanna faoi Airteagal 7 a aistriú chuig aon Bhallstát eile. Cuirfidh an Coimisiún in iúl don Bhallstát a sholáthair an fhaisnéis go bhfuil sé ar intinn aige an t-aistriú sin a dhéanamh. (1) IO Uimh. L 281, 23.11.1995, lch. 31. 88

Select target paragraph3

Connect to a paragraph
Connect to an entity
Disable highlights
Add to table of contents